Mac Rí Éireann

Mac Rí Éireann

Regular price
€8,00 EUR
Sale price
€8,00 EUR
Regular price
Sold out
Unit price
per 
Tax included.

Agus é ag amuigh ag seilg, feiceann Rí na hÉireann eala ag iarraidh éinín dá hál a ruaigeadh. Cuireann seo mearbhall ar an Rí agus téann i gcomhairle lena dhraoi a mhíníonn dó gur de réir dhlí an nádúir, cuirfidh aon ainmhí beo an ruaig ar an tríú duine déag dá shliocht chun dul i ngleic leis an saol ina aonar. Níl an Rí féin saor ó dhlí seo an nádúir agus is le croí briste a ruaigeann sé an mac is sine aige, a imíonn leis isteach sa Domhan Thoir agus é faoi bhréagriocht tréadaí. Gan mórán moille, beidh ar an phrionsa cath a chur ar fhathaigh fhíochmhara, ar laochra móra agus ar ollphéist farraige chun Banphrionsa an Domhain Thoir a shábháil agus a thabhairt chuige féin mar bhean chéile.