{"product_id":"o-pheann-an-phiarsaigh","title":"Ó Pheann an Phiarsaigh","description":"\u003cp\u003e\u003cspan class=\"Formatted\"\u003eEagrán nua de shaothar cáiliúil a bhí i mórán gach mála scoile i gConamara agus in Éirinn fré chéile lá den tsaol. Chomh maith le roinnt scríbhinní leis an bPiarsach ó An Claidheamh Soluis, tá na gearrscéalta is mó a bhfuil aithne agus gean ag muintir na hÉireann orthu: \"Bríd na nAmhrán\", \"Íosagán\" agus, ar ndóigh, \"Eoghainín na nÉan\", a bhainfeadh deoir as cloch ghlas.\u003cbr\u003e\u003cbr\u003eI mBaile Átha Cliath a rugadh Pádraic Mac Piarais in 1879. Thosaigh sé ag cur suime sa Ghaeilge óna óige agus ghlac páirt ghníomhach i gConradh na Gaeilge ó 1896 i leith. Ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis é i 1903 agus thosaigh sé ag tabhairt faoin litríocht chruthaitheach ó 1905 ar aghaidh: aistí, dramaí, gearrscéalta, filíocht. Bhí sé thar a bheith míshásta le cúrsaí oideachais in Éirinn agus chuige seo bhunaigh sé Scoil Éanna i 1908; ainneoin deacrachtaí airgid d'éirigh leis an scoil. Bhí sé in Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh iad i 1913 agus tugadh isteach san IRB é an bhliain chéanna. Nuair a tharla an t-éirí amach faoi Cháisc na bliana 1916 ba é a cuireadh i gceannas. Cuireadh Pádraic Mac Piarais chun báis ar 3 Bealtaine 1916.\u003c\/span\u003e\u003c\/p\u003e\n\u003c!----\u003e","brand":"Readers Paradise Book Shop Wexford","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":48437939929435,"sku":"","price":10.0,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0538\/7105\/0923\/files\/23_ecf64377-6c44-4043-ab54-5d9d4fa903a5.jpg?v=1717757884","url":"https:\/\/readersparadise.ie\/products\/o-pheann-an-phiarsaigh","provider":"ReadersParadise","version":"1.0","type":"link"}